Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)crugaí agus gabhann siad uilig isteach sa gcurach ach duine amháin a fhanas amuigh leis an gcurach a shádhadh amach. Annsin nuair a bhíos an currach amuigh thar bhéal na dtonnaí gabhann an duine sin isteach nó go dtéighidh siad go dtí an céibh. Nuair a thigeas siad go dtí an gcéibh tigeann beirt nó triúr amach leis na heangacha a réidhteach isteach sa gcurach. Nuair a bhíonn siad réidh cuireann siad an currach amach ón gcéibh agus toisigheann siad ag iomrádh nó go dtéighidh suas amach giota maith a bhfairrge. Annsin cuireann siad amach na heangachaí sa bhfairrge. Nuair a bhíos cuid de na heangachaí caithte amach ceanglann siad na róaí ar an gcurach agus cuireann siad meadhchain ar na heangachaí le n-a dtabhairt síos. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)