Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tiubhraidh mé dhá mhíle punt agus leath mo chuid talmhan duit," ars' an prionnsa óg. Thug an fear an buidéal dó.
Ní raibh sé i bhfad go dtí go raibh siad comh bocht is bhí siad aon lá riamh. Ní raibh aca ach sean-bhó amháin.
"Gabh chun an aonaigh agus díol an bhó," ars' a bhean, agus ar maidin chuaidh sé chun an aonaigh.
Ní raibh sé i bhfad ar an mbealach nuair léim fear beag amach thar an chlaidhe agus [?] sé buidéal eile do'n fear ar an mbó.
D'imthigh an fear abhaile. Dubhairt sé leis an bhean an bord a glanadh agus an t-urlár a scuabadh. Nuair a bhí sé déanta aici chuir an fear an buidéal ar an mbord agus dubhairt sé:
"A bhuidéil, déan do chuid oibre."
Léim beirt fear amach as an mbuidéal agus dhá mhaide acú agus thosuigh siad ag bualadh muintir an tighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Scanláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gharbháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo