Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 464
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí mac amháin aici.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé an raibh sé sáthach mór. D'fhoscail sé an chónra annsin, agus amach leis an bhfear, agus dubhairt sé leis an ngasúr:
"Ná bíodh aon fhaitchíos ort. Is mise d'athair ; is tú an fear is feárr sa gcondae. Tá go leor daoine ag iarraidh fanocht annseo le sgór blian, is bhímis ag teacht in mo thaidhbhse san oidhche agus bíodh siad marbh ar maidin. Tá seomra sa dteach seo agus tá sé lán le ór, agus gheobhaidh tusa é."
Shiubhail an gasúr annsin an méid seomraí a bhí sa teach acht ceann amháin nach raibh sé i ndon oscailt, agus bhí an t-ór sa gceann seo. D'oscail an tighearna talaimh an doras annsin dó, agus bhí an t-ór agus an teach aige an fad is mhair sé.
Thug an tighearna talaimh culaith éadaigh dhó agus hata agus péire bróga agus nuair a thainic cuid de mhuintir an bhaile thart ag an bhfuinneog ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Mhaoldhomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo