Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí air Séamus Ó Scannail. Thainic fear aige lá amháin agus níl aon áit a ngabhfadh Séamus nach mbéadh an fear 'uasal' leis. Bhíodh an fear ag rádh le Séamus gur as Africe a thainic sé anall le sláinte mhaith a fhagháil san áit. Chreid Séamus é, agus bhí an-chion acu ar a chéile. Nuair a théidheadh Séamus a chodladh san oidhche shuidheadh an fear eile ag taobh na teineadh agus bhíodh ag caint leis.
Bhíodh na daoine a rádh le Séamus gurb é an droch-bhuachaill a bhí ann, ach ní chreidfeadh Séamus iad. Bhí Séamus ag éirghe lag agus annsin thainic amhras air, agus chuaidh sé ag an sagart, agus thug an sagart an cheist dó. Nuair a chuaidh Séamus abhaile an oidhche sin chuir sé an cheist ar an bhfear agus ní fhaca sé ariamh i n-a dhiaidh sin é.- Bailitheoir
- Mártan Ó Garbháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pilib Ó Garbháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo