School: Ceathrú Thaidhg
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mag Shamhráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí air Séamus Ó Scannail. Thainic fear aige lá amháin agus níl aon áit a ngabhfadh Séamus nach mbéadh an fear 'uasal' leis. Bhíodh an fear ag rádh le Séamus gur as Africe a thainic sé anall le sláinte mhaith a fhagháil san áit. Chreid Séamus é, agus bhí an-chion acu ar a chéile. Nuair a théidheadh Séamus a chodladh san oidhche shuidheadh an fear eile ag taobh na teineadh agus bhíodh ag caint leis.
Bhíodh na daoine a rádh le Séamus gurb é an droch-bhuachaill a bhí ann, ach ní chreidfeadh Séamus iad. Bhí Séamus ag éirghe lag agus annsin thainic amhras air, agus chuaidh sé ag an sagart, agus thug an sagart an cheist dó. Nuair a chuaidh Séamus abhaile an oidhche sin chuir sé an cheist ar an bhfear agus ní fhaca sé ariamh i n-a dhiaidh sin é.- Collector
- Mártan Ó Garbháin
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Informant
- Pilib Ó Garbháin
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo