Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 509
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oighre na Coille Glaise.Fadó fadó bhí rí in Éirinn. Bhí sé pósta agus bhí mac aige agus bhí dúil mór ag an mac in imirt cártaí. Bhí a athair ar buile leis agus ní raibh fhios aige cé'n caoí a mbainfeadh sé an droch nós sin as agus cheap sé ar sheift. Chuir an t-athar é isteach i seómra dhó féin agus nuair abhí sé ag cur an glas ar an doras d'iarr an mac impídhe air na cártaí a thabhairt dhó sa seómra ionnus go mbéidh sé ag breathnughadh ortha agus thug an t-athar dhó iad. Dhún sé an doras annsin agus chuir sé an glas air. Nuair a bhí sé cúpla lá sa seómra tháinig fear chuige tríd an mballa. D'fhiafruigh an fear de an raibh cead aige cluiche a imirt leis agus dubhairt an prionnsa leis go raibh agus fáilte agus shuidhe siad síos chuig an mbórd, acht sul ar thosuigheadar ar an gcluiche dubhairt an fear a tháinig isteach go mba cheart rud eicín a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Ó Chiaragáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann