Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 529
- XML “Teach Sheáin Uí Gáchain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall mile ar an dtaobh theas de’n scoil seo, tá sean-teach agus is iomdha scéal a chloistear mar gheall air. Ní raibh aoine ina chomhnuidhe ann ach Seán Ó Gacháin féin.
Oidhche fuar geimhridh dá raibh sé istigh ag an dteineadh, chuala sé an madadh ag caoineadh, agus chuaidh sé amach le h-aghaidh canna uisge. Nuair a tháinig sé isteach, bhí fear ag an mbord ag ithe. Scannruigh Seán nuair a chonnaic sé an fear dubh ag an mbórd agus nuair a chonnaic sé an madadh agus gan aon ribe gruaige air. Annsin dubhairt sé le Seán gan oídhche eile a chodladh san teach. Shuidh Seán ag an dteineadh ar feadh na h-oídhche agus ar maidin lae ar na mhárach, d’fhág sé an teach agus níor thóg sé rud ar bith leis. Chuaidh sé isteach i dteach i Bóthar Buidhe agus tá sé ina chómhnuidhe ann fós.- Bailitheoir
- Máire Ní Muilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo