Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 570
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór pisreógraí ag baint leis an gcuinneóg.
1. Chuireann cuid de's na daoine smearóg faoi'n gcuinneóg agus deirtear nach féidir le aon duine an t-ím a ghoid uathu annsan.
2. Dá dtagadh fear isteach ag iarraidh sléaghain agus dá dtabha...? dhó é, agus tú ag déanadh maistreadh, tógfaidh sé an t-im ó'n dteach sin leis ar feadh na bliadhna.
3. Da dtaghadh fear isteach go dtí do theach ag iarraidh phíopa a lasadh agus tú ag déanamh an maistreadh, dá lasadh sé é, bhéadh ím an tighe aige ar feadh na bliadhna.
4. Bhí bean thuas in Dhubh-loch fadó dar b'ainm Máire Br...? agus bhíodh ím go leor aice. Na comhursain a bhí thart timcheall uirthi ní raibh ím ar bith acha. Tháinig an sagart isteach di lá amháin agus bhí an maistreadh déanta. Chuala an sagart roimhe sin faoi'n méid ime a bhí aici agus dubhairt sé léi an t-ím a theasbáint do. Theasbáin sí dhó é agus bhí ionghantas mór air. Thóg sé a stóil agus thosaigh sé ghá léigheamh agus níor bhfada go raibh an chuid is mó de'n ím ag siubhal ar an urlár acht amháin píosa beag. Thionntuigh sé an ?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Maolalaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Maolalaidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo