Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 528](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_528.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 528
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shaothruigh mé go maith thú anocht, mar tháin[ic] mé ó Cúige Uladh." "Agus céard a dhéanfaidh m[é] leis an mbodach sin" ar sise, ag síneadh a méar chuig an bhfear a bhí marbh. "Tóg d'air[gead] uaidh anois" ars an Naomh, agus fág annsi[n] é go maidin lae ar na bhárach go bhfeicfi[dh] gach duine sa mbaile é, agus leis sin thug sé buille de'n slaitín dhó. Ar an nóiméat rinneadh blocán daire de'n bhfear. "Anois," a[r] seisean, "nuair a bhéadh sé na lán mhara cha[ith] amach i bpoll Seanachaigh é, agus béidh sé annsin go Lá an Bhreithimh. Annsin d'imthigh sé mar ceó agus ní fhacha an bhean aríst é.
An lá ina dhíaidh sin rinne síad mar a dubhairt an Naomh leob[htha] agus deirtear nuair a bhíos an taoide amuigh go bhfuil an blochán daire sin le feiceál ann fós.- Bailitheoir
- Mícheál Ó Maolalaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Maolaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo