School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 044
- XML “Na Ráthanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Anna Bean Uí Mhaol Amhlaidh, An Ráith
Tá trí ráthanna annseo acht ní raíth a tugtar orra acht cnocán. Tá ceann aca míle ó'n scoil ar an taobh thiar de bhaile na Raíthe in aice Cuan an Fhód-Duibh agus "Cnocán a tugtar air anois cé gur uaithe is dóigh a h-ainmnigheadh baile na Raíthe.Tá cnocán eile thios sa bportach i mBun a' Phollaigh, ceathramhadh míle ó'n scoil, agus tá ceann eile i gCeann Ramhar, míle go leith siar ó'n scoil ar thaobh na h-aille.Tá na trí cinn aca in n-amharc a chéile.
Cnoc beag atá ar an raíth agus cnocán ar a bharr. Ní'l claidhe nó balla thart timcheall air acht ta cloch mhór fheiceálach i gcoirnéal de. Deirtear go bhfuil seacht ndoirsi ar an raíth seo, gur minic a facthas bó ag teacht amach ar féarach agus ag dul isteach innti aríst. Má bhaintear sgaobh cré le sluasad as an gcnocán go mbeidh dath na fola ar an gcré."An cnocán mor" atá mar ainm ar an raíth atá i mBun a Phollaigh.Chreid na daoine fadó go ndeachaidh na Tuatha Dé Danann isteach ins na cnuic agus creideann siad annseo(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Informant
- Anna Bean Uí Mhaol Amhlaidh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- An Ráith, Co. Mhaigh Eo