Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 090
- XML “An Ceantar Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhá cheann deug i gceann ramhar agus 8 i mbun a' Phollaigh.Na tighthe
Ní'l ins an ceanntar seo anois acht corr theach a bhfuil ceann tuighe air. Fiche bliadhan ó soin ní raibh teach ceann-slinne ins an áit, Tháinig Bord na gCeanntar gCumhang agus thógadar tighthe ceann-slinne i nDubh-Thuama agus Cnoc na Móna. Le dhá bhliadhaín chuaidh an riaghaltas ar aghaidh go han-aibéil leis na tighthe úra agus is mór an t-iongnadh é teach ceann tuighe fheiceál fá láthair.
Tuairm 60 bliadhan ó shoin ní raibh i dTulachánBán acht deich dteaghlach. Is seo íad ainmneacha na ndaoine: O Muinchille, O'Hinneírghe, O Gamhnáin, Mac Cárthaigh, O Conamhacháin, Breathnach, O Donnchadha, O Gacháin, Mac Cailpín, Mac Eachmharcaigh agus Mac Suibhne.
Bhí talamh portaigh le cois an bhothair. Gearradh an mhóin agus shocruigh clann na ndaoine ar an talamh a bhí fágtha. Talamh chuir[?] atá san talamh uilig atá cois an bhóthair fá láthair. Tuairim 50 bliadhan ó shoin a rinneadh an bóthar atá ag dul tríd an bhaile, roimhe sin ní raibh aca acht sean-bhealach nach bhféadthá cairt nó carr a thabhairt air. Tá míle punt leagtha amach anois le deis a chur air.Na Daoine i dTulachán Bán.
Thainig muinntear Chonamhacháin anios as Inbhear baile in aice le Béal a Mhuithrid. Thainig Muinntear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conamhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo