Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 194

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 194
  3. XML “Maistreadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Déanann mo mháthair maistreadh gach seachtmhain sa Samhradh. Is annamh a dhéanann sí maistreadh sa n-Geimhreadh. Cuinneóg atá ar an soitheach a ndéanann sí an maistreadh ann. Cinéal barraille árd is eadh é agus é fosgailte ar a bhárr. Buailtear an baine le loithne. Tá clár ar an gcuinneóg agus tá cos na loithne sáidhte trí. Is fusa maistreadh a dhéanamh sa Samhradh ná sa n-Geimhreadh. Má thagann strainséar isteach buaileann sé greas chomh maith. Muna mbuaileann tá sé ag iarraidh an t-im thabhairt leis. Tá an maistreadh déanta nuair atá cnapóga ime le feiceál ar an gclár. Cuireann sí an t-im isteach i mbáisín ádhmaid. Mioscán atá ar an méid ime tar éis aon mhaistreadh amhá [?] n. Cuireann sí salann ann annsin agus cuireann sí i dtaisge e le n-ithe na le n-díol. Ní ceart uisge a chaitheamh amach ná uisge a ól. Ní ceart an bainne atá ins an gcuinneóig a thabairt do dhuine ar bith Dia Luain. Má féidir le duine bó a bhlighe i ngan fhios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Flannghaile
    Inscne
    Baineann