School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 182
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- dalladh 21/7/'38
Má díolann fear beithidheach deirtear nach mbeidh an t-ádh ar an mbeithidheach sin muna bhfágann an ceannuightheóir roinnt beag airgead ar ais.Má tá duine ag dul ar aistear agus aon mheáig amháin fheiceál creideann sé nach mbeidh an an t-ádh air acht má fheiceann sé dhá mheáig beidh a mhalairt de sgéul aige.Má thagann duine isteach sa teach oidhche Nodhlag-Mór ní ceart é leigint amach gan biadh agus deoch a thabhairt dó.Má's í bean an duine is túisge a rabhas(?) isteach i dteach maidin Lae Nodhlag Beag beidh an mí-ádh ar na daoine sa teach sin, acht más é fear a ghagas isteach béidh fáilte roimhe.
An chéad béile de fataí nua leagtar trí cinn ar an mbord. Ni itheann duine ar bith iad acht nuair a bhíonn an béile caithte tugtar do'n madadh iad.
Ní ceart teach nua a dhéanamh treasna sean casáin nó deirtear nach ceart fad siar a dhéanamh as teach.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Fhlannaidhle
- Gender
- Female