Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chéad lá de mhí 's d'Fhoghmar do thóigeamar ár seolta,
Ag breathnughadh ar na cóstaí ag Tóim an Mhionnáin thiar,
As sin suas go Cliar iath Acaill Beag ina dhiaidh sin,
Inis Tuirc taobh thiar de mar bhí iarraidh orainn ann,
Suas le Rinn a' Mhaoile is anuas le Cró na Caoile,
Cloigeann le n-a thaobh sin 's Tráigh Bhrighde ina dhiaidh,
Gur dóirteamar le fánaidh anuas thríd fhairrge cháithte,
Go dtainigeamar chun na Ráithe mar is ann a bhí ár dtriall.Ar sgeinneadh dhúinn thar Árainn annsiúd a neartuigh an gáladh,
Bhí cúrsaí istigh ár sáith againn, 's níor thráth dhá fhail
Chuaidh an oidhche chun feochain is as sin chun cuacha móra,
Thóigeamar ár seolta 's níor mhór dúinn féin é,
Shéid an fairrge 's phléasg sí ina(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Mhaolalaidhe
- Inscne
- Baineann