Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 200](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_200.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 200
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is i n-Inid beagnach i gcomhnaidhe bheith an pósadh fán dtuaith fadó. Beirt nach mbéádh aithne ar a chéile théigheadh siad chun an aonaigh cuirfeadh duine muinteardha i nai [?] ne dá chéile iad. Bheith spré an chailín óig socruighthe aca annsin. Beithidhigh is mó i gheibhfeadh siad fadó. Lá na bainn [?] bíonn na comasanaa cruinnuighthe i dteach an fhir óig. Sul a rachas an lánamhán nua phósda abhaile, téigheann na daoine ar a nglúnaí agus briseann siad cáca mine coirce ós cionn an lánamhán. Tugann siad píosa de'n cáca díobhtha agus píosa de gach duine eile. Ní théigheadh an cailín nua-pósta amach an chéad Dómhnach nó ní théigheadh sí abhaile go ceann míosa. Chreid na sean-daoine nach mbéadh an t-ádh ar mnaoi ar bith a thugadh cuairt abhaile go ceann mí ar a laighead. Thagadh clamuidí go teach ar bith a mbeadh bainis ann dhéanadh siad damhse, ceol agus amhránaidheacht. Teach ar bith na mbéadh failte rómpa ní bhfuigheadh siad tada le n-ithe ná le n-ól. Chuirfeadh sin fearg ar na clamuidí agus dhóighfea(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Cearáin
- Inscne
- Baineann