Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 388

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 388

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 388
  3. XML “Scéal - An Bheirt Dearthár”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sgéal uilig as. Acht nuair a d’fhosgail sé an bosca fuair sé í fuar marbh agus greim de’n arán fágtha le na taobh. Bhí brón mór air.
    Annsin chuaid sé go dthí an mbaile mór agus cheannaigh sé cónra maith dí agus tar-éis lá agus oidhce aici sa teach thug sé go dtí an roilig í agus is annsin do chuireadh í. Nuair a tháinig sé abaile d’fhág sé bairrle mor taobh amuigh don doras agus líon sé lé h-uisge é. Annsin chuaidh sé a chodhladh mar bhí tuirse mhó[r] air. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an dearbhrathár boch[t] go dtí an roilig. Thóg sé anuas an conrá agus d’fhosgai[l] sé é. Annsin thóg sé amach an cailleach agus chuir sé ar a druim í. Nuair a tháinigh sé go dthí teach an dearbhrathár saidhbhir fuair sé an fear saidhbhir ina chodhladh agus céard a rinne an fear bocht acht an chailleach a chuir ina seasamh ins an bairrle.
    Nuair a dhúisigh an dearbhrathár saidbhir ar maidin ghléas sé é féin agus d’imthigh sé amach. Ní fhac[a] sé an cailleach go dtí go raibh sé ag teacht isteach agus nuair a chonnaic sé í is beag nár thuit sé. Rith sé go dt[í] teach an fhir bhoicht agus dubhairt sé leis go n’éirigh an cailleach as an roilig agus teacht leis a lámh a thabhair[t] do chun i a chur ar ais san roilig. Rinne sé mar a dubhradh leis. Nuair a tháinig an oidhche airís agus nuai[r] a fuair sé an fear saidhbhir ina chodhladh d’imir sé a[n] cleas céadhna air. Bhí an dearbhrathar saidhbir sgannruigh[e] agus chuaidh sé go dtí an sagart agus thug sé deich
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Paidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tip, Co. Mhaigh Eo