Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí ceathrar fear ann fadó agus bhí cuid mhaith de shaidhbhreas an tsaoghail aca. Bhí fear aca níos saidhbhire nó an triúr eile.Lá amháin d'imthigh an fear saidhbhir go Conndae an Chláir agus nuair a fuair an triúr imthighte é ghoid siad a chuid óír. Chaith an fear saidhbhir cúpla mí i gCo. an Chláir agus annsan tháinig sé ar ais abhaile. Sé an chéad rud a rinne sé ná dul ag cuardach a chuid óir. Chuardaigh se 'chuile áit, sios suas acht ní raibh sé i na chumas an t-ór d'fhághail i n-aon ar bith. Tháinig brón mór air. Ní raibh aon airghead aige anois chun greim bídh a cheannach agus ní raibh ru ar bith le déanamh aige acht dul amach ar fud an tsaoghail ag iarraidh rud le n-ithe.D'imthigh sé leis ag siubhal roimhe oidhche amháin agus é ar an mbóthar tháinig stoirm - shéidh an ghaoth agus thuit an sneachta fliuchadh agus báthadh an fear bocht. Níorbh fhada gur casadh fear dó. Labhair an fear seo leis agus d'fhiafruigh dó cérbh é féin agus cá raibh a threó. D'innis sé an sgéal uilig dó. Tháinig truagh do'n bhfear dó. Fear oibre do b'eadh an fear so. Bhí arán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Paidín
- Inscne
- Fireann