Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 444](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_444.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 444
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'na phóca aige agus thug sé píosa do'n bhfear eile. D'ith sé an t-arán agus d'imthigh leis ar a bhealach airís agus bhí sé ag siubhal tamall maith sul a dtáinig sé go dtí teach. Chuaidh sé isteach sa teach so agus bhí muinntir an tighe go h-an-mhaith dó. Bhí an mhaidin ann anois agus d'iarr siad air suidhe síos go dtí an teine agus é féin a thriomú. Annsan réidtigh siad breacfast breágh dhó. Bhí an fear bocht go h-an-tsásta anois, agus nuair a bhí sé tirm agus a bhreacfast ithte aige d'eirigh sé chun imtheachta. "Geóbhaidh tú lóistín annso ar feadh cheithre oidhche má's mhaith leat é" ars' bean-an-tighe." "Táim an-bhuidheach duit" ars an fear Glacfaidh mé sin agus fáilte."D'fhan an fear na cheithre oidhche sa teach so agus annsan d'imthigh sé leis airís ag taisteal na mbóthar agus ag lorg béile bídh agus lóistín n h-oidhche. Oidhche amháin eile bhí sé ar an mbóthar agus tháinic an uain go dona. Oidhche uathbhásach a bhí innti agus ní raibh foithin ná fascadh le fágail i n-aon-ar bith ag an bhfear mbocht. B'éígeann do suidhe síos le h-ais claidhe sa deireadh agus é tughta (?) sáruighthe agus préachta leis an bhfuacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Paidín
- Inscne
- Fireann