Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 443

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 443

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 443
  3. XML “Ceathrar Fear Saibhir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ceathrar fear ann fadó agus bhí cuid mhaith de shaidhbhreas an tsaoghail aca. Bhí fear aca níos saidhbhire nó an triúr eile.
    Lá amháin d'imthigh an fear saidhbhir go Conndae an Chláir agus nuair a fuair an triúr imthighte é ghoid siad a chuid óír. Chaith an fear saidhbhir cúpla mí i gCo. an Chláir agus annsan tháinig sé ar ais abhaile. Sé an chéad rud a rinne sé ná dul ag cuardach a chuid óir. Chuardaigh se 'chuile áit, sios suas acht ní raibh sé i na chumas an t-ór d'fhághail i n-aon ar bith. Tháinig brón mór air. Ní raibh aon airghead aige anois chun greim bídh a cheannach agus ní raibh ru ar bith le déanamh aige acht dul amach ar fud an tsaoghail ag iarraidh rud le n-ithe.
    D'imthigh sé leis ag siubhal roimhe oidhche amháin agus é ar an mbóthar tháinig stoirm - shéidh an ghaoth agus thuit an sneachta fliuchadh agus báthadh an fear bocht. Níorbh fhada gur casadh fear dó. Labhair an fear seo leis agus d'fhiafruigh dó cérbh é féin agus cá raibh a threó. D'innis sé an sgéal uilig dó. Tháinig truagh do'n bhfear dó. Fear oibre do b'eadh an fear so. Bhí arán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Paidín
    Inscne
    Fireann