Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc a Logha
- XML Leathanach 084
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an pian agus annsin bíonn an duine ceart go leor. Deirtear paidir nuair a bionns an misiúr dhá thógáil aige agus seo é
Loch a chinn mar a linn
Croch a chinn mar is cóir
Sin leigheas le haghaidh tinneas cinn.Fainnthe
Tagann fainnthe anois 'is arís ar 'chuile dhuine agus ní deas iad. Seo leigheas le 'na hagaidh.
Caitfidh duine dul go dti cloc a bhfuil cum ann agus an uisge atá ann a cuimilt ar na bhfainnthibh. Nuair a bhionns an meid sin deanta aca imthigheann na fainnthe agus ní tagann siad ar ais.
Leigheas eile:- Caitfidh seilimide a ceapadh agus é a cuimilt ar na bhfainnthibh agus é a cur isteach i gceirt beag agus é a chur i bfolach in áit éicint sa dtígh. Nuair a bheidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlin Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann