Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)

Suíomh:
Baingear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Énrí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Beannchor Iorrais
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Sliogáin na Mara - Úsáid na nIasc Sin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San earrach pioctar na báirnigh, na dúilicíní agus na faochóga agus bruithtear iad agus ithtear iad mar annlán le fataí. Pioctar as na sligeán iad agus iad(?) bruithte léar mar bhíonns duine gá n-ithe. Nuair a bhíonns baileachán díobh le chéile tugtar "Cruasac" orra.
    San samhradh pioctar na rúacain agus bruithtear iad. Deirtear nach mbíonn na(?)
    rúachain i séasur go bhfhuighidh síad "trí deochanna de sháile an Aibreáin."
    Go minic déantar leath-bhruith ar na h-éisg seo agus pioctar amach as na sligeáin iad. Annsin cuirtear na h-éisg amháin síos áth-úar le bruith a thuilleadh agus annsin cuirtear bainne agus piobar(?) orra, agus roinntear amach an éadáil sin(?) ar phláta. "Maorach" a tugtar ar an annlan sin.
    Nuair a bhíod crap maith de
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheal Mac Éinrí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baingear, Co. Mhaigh Eo