Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 232](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0136%2FCBES_0136_232.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 232
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 232
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Thíos faoi tá liosta nó cnuasach de nah hainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na hailpreacha atá san Fhaill...”
(ar lean ón leathanach roimhe)MAINISTIR:-Cloc mhór amuigh san fhairrge seadh ím, agus í díreach ós comhair na h-áite go dtugtar DRÉIMRE air. Níl fhios ag aoinne cen fá a h-ainmnigheadh é nó cé'n chaoi a bhfuair sé a h-ainm sin. Bíonn an chloc nó (?) an charraig sin báidhte nuair a bhíonn rabarta mara ann.
UAIGH AN TIMTIRE:-Pluais eile seadh í, agus í suidhte san fhaill idir Gobh Dhubh Mhiola agus Gob Chaisil.
UAIGH na gCAORACH:-Pluais eile suidhte san fhaill cheadhna agus is amlaidh gur cailleadh neart caorach san bpluais sin, agus uaidh sin a h-ainm.
CLOCH SIONNAIGH:-Cloch seadh í seo atá suidhte san gCuan Dall ar an dtaoibh clé, agus is amhlaidh go mbíónn sí báidhte nuair a bhíonn láin mara ann agus leis sin bíonn sí an cruaidh a shuidheamh d'aithinn ag an am sin, gurab é sin fáth go bhfuair sé h-ainm.
MUL-RAITHNECnocán no mullach beag seadh é agus é i nDubh Míola sgathamh maith ó Bhéal na Faille i dtreó an talaimh, 'gus neart raithineach ag fás ann - sin é fáth a ainme.- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Maolálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mhaigh Eo