Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
- Suíomh:
- Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An Br. C. J. Ó Haoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fánaidh a’staighre é ar a’ mbóthar agus dubhairt leis “bailigh leat anois”. Bhí an fear bocht [ina] chraiceann dearg agus gan ‘fhios aige céard a’bfearr dhó a dhéanamh, ach ar ball [shiúbhal] beirt fhear mhóra anoir an bóthar go dtí Seán. Chuir siad caidéis air. “Cé tú féin? Cá’il tú a’dhul? Nó céard a thug annseo thú?” “Eist liom agus [tiubraidh] mé cunntas [daoibh?]. D’innis Sean dhóibh fríd síos agus fríd suas agus an chaoi ar tharla an trioblóid dhó. “Tá [tú] ceart go leor níl an mi-ádh uilig ort”. Seo dhuit mo chóta mór agus fáisc ort é. Rinne [Seán] sin. “Siubhal leat anois a bhuachaill in einfeacht linn-ne”. “Go rabh maith agaibh” arsa [Seán] agus bhí dul amú mór ar Sheán bocht nuair dubhairt sé é sin ach ní rab’ fios aige. [Ghluais] leob ar chuma ar bith agus i ndeireadh na cúise cé bfuair sé é féin feistighthe [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] istigh i lár reilig’ agus nuair chonnaic Seán sin chuir sin tuilleadh donacht air.
[ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] gá reidhteach” arsa Seán. “Da donacht maol is measa mullach. Bhí leac os cionn [aige?]. Duhairt na fir le Seán. “Tabhair congnaimh dúinn leis a’ leac seo a chur ar gcúl. [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] Seán bocht sin agus nuair bhí déanta “Gabh síos go tapaidh” ars’ an fear ba mhó, “leis [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] sean-bhean curtha síos ins an uaigh sin”. “Tá sí lán le airgead agus le fáinní óir [tá] mála óir faoina cloigeann ins an gcónra. Caith aníos iad go léir agus déan deifir” [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] a deir Seán. “Is doiligh liom a’dhul síos annsin”. “Ná labhair níos mó ach bí thíos [go beo]. Chuaidh Seán thíos, thóg an clár den gconra, chuir sé a lámh faoina cloigeann agus [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] aníos í. Chaith sé aníos an mála airgid agus a lán rudaí eile ‘bhí sa gcónra. Bhí [fáinní] óir ar a méaracha. Tháinic cuid acu go réidh-chúiseach ach bhí an chuid eile a’ [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] air. D’fhógair an fear ‘bhí in uachtar “Seo dhuit an sgian agus gearr na méaracha agus [ná] bí mall”. Rinne Seán bocht sin. “Bhfuil an áit sin folamh anois?” “Tá” arsa Seán bocht. “[Socraigh] an tsean-bhean sa mbealach céadna arís”. Rinne Seán sin. “Fan anois” arsa [ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] go dteigidh mise ar bhruach”. Ach an fear bocht níor fhéad sé sin a dhéanamh. [Thug?] an dá ógánach an leac anonn ós cionn na h-uaighe agus d’fhág thíos Seán agus ghluais leob.
[ábhar ar iarraidh ar imeall an leathanaigh] Seán bocht annsin a’guidhe Dé. Ní rabh ‘fhios aige cén chaoi go bféadfadh sé é a fhágáil. [Achar] gearr ‘na dhiaidh sin d’airigh sé an torann mór ar a' mbruach arís agus thuig sé [gurb] iad ghá [leigean] aníos ach ní mar sin a bhí. Beirt ógánach eile a tháinic an tarna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- C. J. Ó hAoláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seáinín Sheáin Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann