Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
- Suíomh:
- Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An Br. C. J. Ó Haoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Crocadh an t-athair Mághnus Mac Suibhne i nBaile Uí Fhiodhcháin ar an 9 lá de M. Fóghmhair 1799. Is ar a'gcrann mheadheain a crochadh é. Tá sé curtha i mBuirris Úmhla - Co. Mhaigheó.
I Saighduirí Bhingham a ghabh é - tugadh go dtí Iorrus ar dtús é go caisleán Bingham. Tá an sean-chaisleán le feiceál annsin ingar do Bheál A' Muirtidh. Tugadh an sagart annsin go Baile Uí Fhiodhcháin. Roimh sin bhí an sagart ar a theicheadh i n-Oileán Acla.
Sgeál faoi
Ar a 'mbealach go Baile Uí Fhiodhcain d'iarr sé deoch aige ar na saighdúirí a bhí fearr gorabh an sloinneadh Murcadha a' tigheacht leis nuari adhóirt saighdúir eile bheannaigh an sagart Mac Ui Murchadha agus chuir sé amhallacht ar a'duine eile. Bhí an t-ádh ar Mhac Ui Murchadha uaidh sin amach agus an fear eile tá sé le cloisint fós faoi gur thuit an chos ón gcolainn lobhtha la amháin.Fear eile bhí a' sonomhaidh faoi an sagairt fuair sé bas milteach le ocras agus le tart agus é caillte ar na sléibhte i Mhuigheo. Thainic na madaidh agus d'itheadar an feoil anuas dá chnánaibh.
C. J. Ó'hAoláin- Bailitheoir
- C. J. Ó hAoláin
- Inscne
- Fireann