Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 501

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 501

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 501
  3. XML “Peadar na mBréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do chomnuidhe Peadar na mBréag i gCeathramha Chillín. Tugadh an t-ainm sin air mar nior chuala aoinne ariamh é ag innsint bréige. Is iomdha dán a chum sé. Corcorán an sloinneadh a bhí air. Seo é an caoi go bhfuair sé adhbhar dána amhain.
    San tsean am cheannuigheadh na Tíghearnaí Talmhan liatróidí do fearaibh óga na h-áite agus bhíodh gach uile dhá dream ag coimhlint le chéile san chluiche. Cé bí é bhí cluiche i gCill Aodháin agus bhuail fear de na Loclannaigh fear de Muinntear Mhic hÉil. D'éirig an clampar agus buaileadh fear amhain i gcoinne an bhalla agus fagadh rian a chloigne sa mballa. Uaidh sin amach ag chuile patrún ag aonach toisigheadh an troid
    Ar Domhnach Casga, Ag Aonach Leachainn, i gCill Cuimhnin Domhnach Crom Dubh agus i go leór aiteacha eile.
    An lá seo bhí patrún ag Tobar Bhrigidhe i Rath-Eiscin. Bhí fear dárbh ainm Ó hEidheann ag troid ar thaobh amhain a bhí ag fághail an chuid ba mheasa. Chuir sin ar siubhal é go dtáinig sé go Gleann-Eadach (Aodh Dubh). Tháinig na daoine in a dhiaidh. Isteach leis i dteach Shinéad Ní Dhuibhin. Dubhairt sise leis a fanacht ciúin istigh. Chuir sé píosaí de shean-phota sa ghunna. "Socrochaidh mise iad" ar seisean. Losg sé leo agus lot sé a lán acha. Tháinig siad isteach agus marbhuigheadh é le bata. Gabhadh Peadar na mBréug ag (?) as Rath-Leacann 'na thaoibh ag cuireadh i bpriosún iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Míceál Breannach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo