Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh Peadar na mbréug ag an bPatrún mar bhí cos nimhneach aige an lá sin agus níor fhág sé an teach. Dubhairt duine a bhí ag mionnú sa gcas go raibh sé ann. D'éirigh sé leath (?) oidhche amhain i bpriosún. Fuair Tomás Pámar amach é (Comhnuidhe eisean i Rath-Frannaigh; Cill Alaidh) Chum sé an t-amhrán seo nuair a tháínig sé abhaile ó phriosúin.
Nuair a d'éirigh mé ar maidin
Cuireadh mé sa mbarra
D'feuch mé suas ar Thomás Pámar
Agus ghuidhe mé in Árd Dé
Nár fheall dhom ariamh.
Ní b'fada uaim a bhí an t-adhbhar
Gonc ar "Knox" as Leachainn
Agus Billie Buidhe (Saunders) (?) in a aice,
Súil le mise cur thar sáile.
Ceathrar (?) as an Ghleannaigh
A bhí ar an mbord ag spalpadh
Dúil leis an Dúis (?) a shaorughadh
Bhí "Mickín" na Súile Móire
Agus an leabhar in a dhorn,
Ag mionúghadh le dhá n-éadan,
Ach dá mhéud da dtug sa mbréag
Míle buidheachas le Mach Dé
Tá Peadar ag teacht abhaile saoruighthe.
ó Mhíceál Breannach
Cnoc Leacha Liaga- Bailitheoir
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Míceál Breannach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo