School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 501
- XML “Peadar na mBréag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do chomnuidhe Peadar na mBréag i gCeathramha Chillín. Tugadh an t-ainm sin air mar nior chuala aoinne ariamh é ag innsint bréige. Is iomdha dán a chum sé. Corcorán an sloinneadh a bhí air. Seo é an caoi go bhfuair sé adhbhar dána amhain.San tsean am cheannuigheadh na Tíghearnaí Talmhan liatróidí do fearaibh óga na h-áite agus bhíodh gach uile dhá dream ag coimhlint le chéile san chluiche. Cé bí é bhí cluiche i gCill Aodháin agus bhuail fear de na Loclannaigh fear de Muinntear Mhic hÉil. D'éirig an clampar agus buaileadh fear amhain i gcoinne an bhalla agus fagadh rian a chloigne sa mballa. Uaidh sin amach ag chuile patrún ag aonach toisigheadh an troid
Ar Domhnach Casga, Ag Aonach Leachainn, i gCill Cuimhnin Domhnach Crom Dubh agus i go leór aiteacha eile. An lá seo bhí patrún ag Tobar Bhrigidhe i Rath-Eiscin. Bhí fear dárbh ainm Ó hEidheann ag troid ar thaobh amhain a bhí ag fághail an chuid ba mheasa. Chuir sin ar siubhal é go dtáinig sé go Gleann-Eadach (Aodh Dubh). Tháinig na daoine in a dhiaidh. Isteach leis i dteach Shinéad Ní Dhuibhin. Dubhairt sise leis a fanacht ciúin istigh. Chuir sé píosaí de shean-phota sa ghunna. "Socrochaidh mise iad" ar seisean. Losg sé leo agus lot sé a lán acha. Tháinig siad isteach agus marbhuigheadh é le bata. Gabhadh Peadar na mBréug ag (?) as Rath-Leacann 'na thaoibh ag cuireadh i bpriosún iad.(continues on next page)- Collector
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Míceál Breannach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo