Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chomnuidhe Peadar na mBréag i gCeathramha Chillín. Tugadh an t-ainm sin air mar nior chuala aoinne ariamh é ag innsint bréige. Is iomdha dán a chum sé. Corcorán an sloinneadh a bhí air. Seo é an caoi go bhfuair sé adhbhar dána amhain.San tsean am cheannuigheadh na Tíghearnaí Talmhan liatróidí do fearaibh óga na h-áite agus bhíodh gach uile dhá dream ag coimhlint le chéile san chluiche. Cé bí é bhí cluiche i gCill Aodháin agus bhuail fear de na Loclannaigh fear de Muinntear Mhic hÉil. D'éirig an clampar agus buaileadh fear amhain i gcoinne an bhalla agus fagadh rian a chloigne sa mballa. Uaidh sin amach ag chuile patrún ag aonach toisigheadh an troid
Ar Domhnach Casga, Ag Aonach Leachainn, i gCill Cuimhnin Domhnach Crom Dubh agus i go leór aiteacha eile. An lá seo bhí patrún ag Tobar Bhrigidhe i Rath-Eiscin. Bhí fear dárbh ainm Ó hEidheann ag troid ar thaobh amhain a bhí ag fághail an chuid ba mheasa. Chuir sin ar siubhal é go dtáinig sé go Gleann-Eadach (Aodh Dubh). Tháinig na daoine in a dhiaidh. Isteach leis i dteach Shinéad Ní Dhuibhin. Dubhairt sise leis a fanacht ciúin istigh. Chuir sé píosaí de shean-phota sa ghunna. "Socrochaidh mise iad" ar seisean. Losg sé leo agus lot sé a lán acha. Tháinig siad isteach agus marbhuigheadh é le bata. Gabhadh Peadar na mBréug ag (?) as Rath-Leacann 'na thaoibh ag cuireadh i bpriosún iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Míceál Breannach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo