School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 502

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 502

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 502
  3. XML “Peadar na mBréag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní raibh Peadar na mbréug ag an bPatrún mar bhí cos nimhneach aige an lá sin agus níor fhág sé an teach. Dubhairt duine a bhí ag mionnú sa gcas go raibh sé ann. D'éirigh sé leath (?) oidhche amhain i bpriosún. Fuair Tomás Pámar amach é (Comhnuidhe eisean i Rath-Frannaigh; Cill Alaidh) Chum sé an t-amhrán seo nuair a tháínig sé abhaile ó phriosúin.

    Nuair a d'éirigh mé ar maidin
    Cuireadh mé sa mbarra
    D'feuch mé suas ar Thomás Pámar
    Agus ghuidhe mé in Árd Dé
    Nár fheall dhom ariamh.
    Ní b'fada uaim a bhí an t-adhbhar
    Gonc ar "Knox" as Leachainn
    Agus Billie Buidhe (Saunders) (?) in a aice,
    Súil le mise cur thar sáile.
    Ceathrar (?) as an Ghleannaigh
    A bhí ar an mbord ag spalpadh
    Dúil leis an Dúis (?) a shaorughadh
    Bhí "Mickín" na Súile Móire
    Agus an leabhar in a dhorn,
    Ag mionúghadh le dhá n-éadan,
    Ach dá mhéud da dtug sa mbréag
    Míle buidheachas le Mach Dé
    Tá Peadar ag teacht abhaile saoruighthe.

    ó Mhíceál Breannach
    Cnoc Leacha Liaga
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Míceál Breannach
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Lackanhill, Co. Mayo