Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i gCill Árd Dubh darbh ainm Tomás Bheag Ó M (-). Ní raibh sé beag chor ar bith ach Tomás a bhí ar a athair. Mar gheall ar an da Thomás tugadh Tomás Beag ar an mac.Ba é an fear bata b'fhearr ins an tír é. Bhí sé ag dul lá go Baile an Chaisil a' díol muc, agus a mhac gasúr beag leis. Nuair a bh' siad ag Baile an Mhuileann casad tinncéir óg lúthmhar láidir ortha.
"Cé'n áit annsin " ar seiseann "a gcomhnuidheeann Tomás Beag Ó M (-) ?
"Bfuil aon gnaithe agat air?" arsa Tomás.
Arsan tinncéir "chuala mé gur fear maith bata é agus tháinig mé go bhféachainn é."
"Is mise an fear a theastuigheas uait" arsa Tomás. Chuaidh an gasur siar go Cill Árd Dubh faoi fhéachaint bata Thomáis Bhig. Nuair a tháinig sé ar ais leis an mbata chuaidh an bheirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo