Scoil: Toomore (uimhir rolla 16401)
- Suíomh:
- Tuaim Mhór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Toomore
- XML Leathanach 38
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí cailín deas ann agus ní déanfad sí aon obair. Uair amhain nuair a bhí mac an Ríogh ag dul i n-aice an tighe in a raibh sí in a comhnaidhe chonnaic sé í agus dubhairt sé léithe go bpósfadh sé í.
Nuair a chuala an banrioghan faoí an gcailín chuaid sí go dtí an teach in a raibh sí agus thug sí í léithí go dtí an palás. Bhí sí ann le haghaidh cúpla lá agus lá áirithe thug sí obair dí. Ní raibh sí indon an obair seo a dhéanamh agus thosaigh sí ag gol. Cúpla nóiméad in a dhiaidh sin tháinig bean isteach le cois mhóir agus rinne sí an obair dí.
Nuair a tháinig an bhanrioghan isteach dubhairt sí leithi. An lá in adhiaidh thug sí obair eile dí agus ní raibh sí indon é a dhéanamh agus thosaigh sí ag gol. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígidh Ní Gallochabhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Bhreac, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mr Séamus Ó Chuinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bhreac, Co. Mhaigh Eo