Scoil: Cnoc Melleray (C.), Ceapach Chuinn (uimhir rolla 7311)
- Suíomh:
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Áine, Bean an Daltúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Uair amháin timcheall céad bliadhain ó shoin bhí tigh beag ameasc na sléibhte idir Caisleán Nua agus Ceapach Chuinn. Tá an tigh ann fós.”
Uair amháin timcheall céad bliadhain ó shoin bhí tigh beag ameasc na sléibhte idir Caisleán Nua agus Ceapach Chuinn. Tá an tigh ann fós.
Bhí ropairí 'na gcomhnuidhe ins an dtigh sin. Bhídís ag obair i rith an lae agus ag goid ist oidhche.
Oidhche a bhíodar i gCluain Meala ghoideadar a lán óir agus airgid agus rudaí eile luachmhara. D'fhágadar a madra 'na dhiaidh i gCluain Meala agus mar sin d'éirigh leis na póilíní breith ortha. Sat a thánadar bhí an t-ór i bhfolach acu agus mór éirigh le h-aoinne é d'fhághail.
Cuireadh go Van Diemen's Land iad ach tá an t-ór i bhfolach go fóill ins na sléibhte.
Morán bliain ina dhiaidh sin tháinigh bean dibh thar nais go h-Éirinn ag lorg an óir. Bhí beirt fhear á lorg leí.
Ón áit na bhfuil sé folaighthe deirtear gur féidir fear d'fheiscint i maca feirmeora leath míle slighe uaidh agus rud eile go bhfuil foscadh ón áit sin ón gaoth aniar agus ón gaoth aduaidh.
Ní fuair an bhean an t-airgead tar éis teacht agus chuir sí plannda ins an áit sin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann