Scoil: Baile Uí Chorráin, Eóchaill (uimhir rolla 7441)
- Suíomh:
- Baile Uí Chorráin Theas, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Háirdín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Chorráin, Eóchaill
- XML Leathanach 213
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Tá crocha óir i bhfolach i bpáirc Eibhlín De Mhóinbéil. Níl an páirc aici anois. Is le Seaghan O'Chochláin í.
Do thaidbhrig a máthair go raibh sé ann trí uaire. Do taisbeán sí an áit do beirt fear agus chuadar ann oidhce amháin. Do romharadar gur sroiseadar cloch mór. Do bhriseadar píosa den cloch agus tá an píosa sin le feiscint fós i mbearnáin Bean Uí Muirigheasa. Níor bhféidir leo an cloch a árdú agus d'fhágadar annsan é agus níor chuaidh aoinne dá lorg ó shoin.- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean De Moinbheal
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Baile Uí Chorráin Thuaidh, Co. Phort Láirge
- 2. Deirtear go bhfuil ór i bhfolach idir feirm Muintir Dubhasa agus Muintir na bPaorac. Cuaidh ceathrar fear dá fhágail oidhche amháin, Pádraig O'Dubhasa, Seaghan de Paor, Seán O'Loinsig agus -Corbaid. Bhíodar ag romhar gur sroiseadar leac nuair d'fheach duine acu ar tig Dubhasa. Bhí sé tri teine dar leo agus ritheadar fé dhéin an tigh cun é a múchadh. Nuair sroiseadar an tig ní raibh aon teine ann agus cuadar thar nais arís. Do thárla an rud ceadna arís, agus bhí eagla ortha filleadh arís.
Deirtear go bhfuil ganndal mór bán le feiscint ó shoin ag tabhairt aire do'n áit agus gur chuireadh sé an ruaig ar daoinibh. Tá an t-ór fé sgeach geal. Deirtí gurab iad na Danair a cuir ann é.