School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Location:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Teacher: Tomás Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Page 24
- XML “Cill Cholmáin”
- XML “Átháin”
- XML “Goirtín”
- XML “Ruisíní”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cill Colmáin
Tá Sean fhotrach Cill Colmáin le feiscint indiú ar thalamh Séamus Uí Maonaigh. Tá sé timpeall 2 míle ó dheas ó Scoil Baile Mhic Airt. Bhí reilig ann fadó agus Cill a tugadh air. Bhí crann i lár na reilige agus is ann sann timcheall an crainn a cuireadh páistí gan baisteadh. Aon áit a bhfuil Cill mar ainm air, caitheadh reilig a bheith ann uair éigin. Bhí tobar beannuighthe ann agus bíodh daoine ag tabhairt turas ar an áit.
Deirtear go raibh fear i Ráth Lead agus chuaidh sé ag gearradh an crainn i lár na reilige i gCill Colmáin. Chun na teine. Nuair a bhí sé thuas ar an gcrann chonaic sé a thig féin tré theine. - (continued from previous page)Átháin nó an Ath Bheag.
Cloc Átháin. Tá cloc mór ard ag seasamh ar árd an t-sléibhe annsan. Is féidir an cloc d'fheiscint na mílte slighe timpeall ar. - (continued from previous page)Tá sé suidhte timcheall ceithre míle slighe ó Séipéil Baile Mac Airt, Goirtín nó an Gort beag.
- (continued from previous page)Ruisíní nó coillte beaga.
Tá ruisín (mar a deirean na daoine) suidhte ins an t-Seanpobail leis. Talamh sléibhteach atá fé.