Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)
- Suíomh:
- Móin na mBian, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Máiréad Ní Chúndúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán
- XML Leathanach 487
- XML “Seanscoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maighistir acht bloc adhmaid leis.
Ní raibh aon cóip leabhra nó pinnluaidh ag na páistí acht do scríobhadar ar leic mhóir le cloca beaga a fuaradar ins na h-aibhnibh.
Bhí mo shean únchal ag dul go dtí scoil sgairte agus Máirtín Diolún a bhí á múineadh. Do bhí Máirtín ag múineadh Áireamh, Béarla, Gaedhilg agus Teagasc Críostaidhe. Teagasc Críostaidhe Béarla a bhí ag an Maighistir acht do mhúin sé é i nGaedhilg dos na páistí. Bhí go leór sgéalta deasa ag an Maighistir leis. Bhí sgéalta aige mar gheall ar sídheóga agus sprideanna agus do mhúin sé iad dos na páistí i nGaedhilg agus tá na sgéalta san ag na sean daoine go dtí indiu.
Maighistir sgairte a tugtar ar an maighistir mar do mhúin sé na páistí amuigh ins na gáirdíní in aice na sgarta ins an Samhradh nó ins an aimsear tirim. Ní raibh bíadh deas nó soluistí ag an maighistir i gcóir a béilí acht pláta maith leitean.
Bhí scoil sgairte in aice mo tighe agus bhí dhá ceann acu timcheall ceithre míle ón dtig. Fear ó Tiobraid Árann a bhí ag múineadh ionnta.
Do cuireadh Máirtín Diolún i Roilig a tSléibhe timcheall dhá mhíle ón mo thig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Shlatra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Riain
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Phort Láirge