Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)
- Suíomh:
- Móin na mBian, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Máiréad Ní Chúndúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí áit ann uair amháin agus bhí fhios ag na daoine go raibh airgead curtha ann. Bhí go leór aca ag déanamh iarrachtaí chun é fhághailt acht níor éirig leo mar do chuir tarbh díbirt ortha.
Tar éis tamaill do chuaidh trí dearbhratharacha go dtí an sagart agus d'inniseadar an scéal dó mar gheall ar an airgead. Do thug se uisce coisrighthe dhóibh agus dubhairt se leo trí fáinní do dhéanamh leis an uisce thimcheall ar an áit in a raibh an t-airgead agus dul ag obair ann. Ní bheadh i comhacht an tairbh teacht leatistig de's na fáinní.
Is gairid bhiodar ag obair nuair a chloiseadar an tarbh ag búirthig go h-árd. Sheasuigheadar le chéile agus nuair a tháinig an tarbh go dtí an uisce do stad sé. Chaith ceann aca cuid de'n uisce as buidéal air. D'imthig sé tré theine shuas sa spéir. Chuadar ag obair agus fuaireadar an t-airgead agus abhaile leo go sásta leo féin.- Bailitheoir
- Tomás Ó Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mórdha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 60
- Seoladh
- Na Roisíní, Co. Phort Láirge