Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 054
- XML “Coiníní sa Churra”
- XML “Naomh Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dé chúis ná raibh sé marbh aige. "Níl mé chun é a marbhú" arsa Seán Ó Loinnsigh leis. "Ní fuilir" arsa Fudge "marbhóchaidh mé anois é" arsa sé ag breith ar an gunna. " Má dhéanann tú" arsa an fear eile " beidh beirt sínte ag breith ar an ramhan". Bhí an bean ag éisteacht leo. Rug sí ar an madra agus thóg sí anáirde ar a baclainn é. Chaith an tiarna imeacht leis gan an madra a marbhú. Lá eile ina dhiaidh sin thug sé turus eile go dtí an Churra. Bhí Seán Ó Loinnsigh ag obair fé crann úill. Bhí gealbháin ináirde ar an gcrann. Chonaic an tiarna na gealbháin. Thug sé fé's na héineacha agus cuid mór des na gráinneacha isteach i gcabhail Seáin Uí Loinnsigh. D'imigh an tiarna gan stró ná focal.
Bhí driothár de Sheán ina chónaí sa Gráinsigh agus nuair a d'airigh sé cad a bhain dá driothár bhí buile air. Bhí roinnt talmhan aige Fudge sa Ghráinsigh leis agus bhíodh sé ann go min-minic. Oíche amháin bhí sé ag gabháilt timpeall na h-áite. Chonaic an Loinnsigh é. Fuair sé camán agus nuair a bhí Fudge ag teacht amach bearna na páirce bhuail sé fé bhun na cluaise é agus thug a dhá chois ináirde. Caith a mhuintir teacht fén a dhein le drae. Thugadar abhaile go dtí Cnoc na gCaorach é. Bhí sé ina fear macánta ón lá sin amach. - Bhí Naomh Pádruig uair ag teagasc agus ag craobhscaoileadh an creidimh i lár na h-Éireann. Bhí draoi san áit duine mór ba eadh é agus gach aon oidhche lasadh sé solus agus aoinne(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Loinnsigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Currach, Co. Phort Láirge