Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuir sé úrnaighe chun Déaglán Naomhtha a radharc a casadh air agus dúirt "Dá mba thoil le Dia a radharc a choghadh gach aon Aoine sa bliain go dtabharfadh sé turus ar an tobair. Chas a radharc air.
Sean-fhear ba eadh é nuair a tháinigh sé abhaile. Ní raibh aoinne dá mhuintir ann nuair a tháinigh sé abhaile. Bhí a chuid talmhan i seilbh duine éigin. Bhí a bhean is a chlann i mBostún i Sasana Nua.
Mhair sé deich mbliaina i mbothán beag san áit gach aoinne a thagadh théifeadh sé go dtí Tobar Déaglán chun na turusanna a dhéanamh. Deir daoine gur dhein sé an tobar agus an áit timpeall air a deiriú. Tá sé curtha i sean reilig na Gráinse. Tá crann draighnigh ós cionn na h-uaighe. - 'Sé an tiarna talmhan a bhí sa Churra fadó ná Abraham Fudge ó Cnoc na gCaorach. An uair sin coiníní ba eadh an Churra agus bhí an áit sin lán de coiníní. Bhí madraí na h-áite ag marbhú na coiníní go léir. Dúirt Fudge leis na tineontaithe na madraí a marbhú. Marbhuigheadar na madraí go léir ach amháin Seán Ó Loinnsigh. Ní mhairbh sé sin an madra a bhí aige. Tamaill ina dhiaidh sin bhí seán is a bhean ag baint prátaí, bhí an madra lena chois.
Tháinigh Fudge isteach sa pháirc cúcha agus é ag dul timpeall ag fiach. Bhí gunna ina láimh aige. Nuiar a chonaic sé an madra chuir sé ceist ar an Loinnseach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Loinnsigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Currach, Co. Phort Láirge