Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí cailín ann fadó agus bhí feirm bheag aici.”
Do bhí cailín ann fadó agus bhí feirm beag aici. Bhí tobar i gceann des na páirceanna. Tobar draíochta dib eadh é. Do bhíodh clár anuas ar an dtobar úd i gcónaí. Do scéithfeadh an t-uisce amach as an tobar agus do báidhfeadh sé na daoine as an tobar agus na tithe agus na beithigh a bhí ina an dúthaigh sin muna mbeadh an clúdach a bheith air. Do bhí sean-bhean agus a h-iníona ina chónaí tamall beag ón tobar. Ní raibh aon chiall ag an iníon. Dobh annamh a dhéineadh sí aon rud na cheart. Ba mhinic a thughadh a máthair comhairle di ach ní raibh aon maith di ann. Lá amháin dúirt a mháthair léi dul go dtí an tobar 'diarraidh buocéid uisce agus ar sise léi "ná dhein dearmad an clár do chur ar an tobar id dhiaidh".
D'imigh sí agus an buicéid aici ach ba bheag an deitneas a bhí uirthí. D'fhan sí ag súgradh ar an mbóthar agus do bhí sé déanach nuair a shrois sí an tobar. Do bhain sí an clár de'n tobar agus do líon sí an buicéad. Thug sí a bóthar abhaile uirthí ansan agus an buicéad uisce ina láimh. Níorbh fhada ón tobar dí gur airigh sí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheapaigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Michael Foley
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Cheapaigh, Co. Phort Láirge