Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí Máire in a comhnuidhe i Sliabh gCua na bliadanta ó shin.”
Máire Ní DonagáinBhí Máire ina chónaí i Sliabh gCua na bliainta ó shoin. File an-mhaith ab eadh í agus deirtear go raibh teanga an-shearbh aici. Bhí deartháir aici agus gabha ab eadh é agus bhí sé pósta le bean an-chrosta. Fuair an fear bocht bás agus tháinigh Máire chun é a caoineadh. Bhí an bean suite in aice an tine ag caint agus ag gáire le fear eile agus gan brón ar bith uirthi. Dhein Máire dán an-shearbh agus an deire a bhí leis ná "Má caill tú do fhear gheobhair arís é, Ach mo deartháir álainn ní bhfaghad-sa choidhche".
Bhí Máire seacht bliana gan dul go dtí faoisidín agus nuair a chuaidh sí ann ní eistfeadh an sagart í. Chuaidh sí amach agus scríobh sí sa Laidin é agus anan d'éist an sagart í.
Bhí sí ina shuí ag geata an tséipéil maidin Domhnach. Tháinigh an sagart amach agus bríste nua air. Arsa Máire leis :
"Go mairidh tú do bhríste nua, a Athair
Go mairidh tú do chlú 's do creat
Go mairidh tú do mhíle bliain in Eaglais Críost(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobháin Ní Cuirtín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch, Co. Phort Láirge