Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baile fearann iseadh Curraigh Beatha. Tá sé ar an dtaobh theas de'n scoil seo, cúig míle ó Dúngarbhán agus ceithre míle ón scoil.
Bhí feirmeoir 'na cónaí ann fadó. Tomás Ó Buaid an ainm a bhí air. Aon mhaidean breá sa Bhealtaine do chuaidh sé chun na ba do thabhairt abhaile.
Ach nuair bhí sé ag siúl ins na páirceanna fuair sé buarach i lár na páirce agus do thug sé leis abhaile í. Agus do chaith sé isteach sa bharaille a bhí sa tigh í. Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé á lorg rud a bhí ag teastáil uaidh ins an tigh sin. Ach cad a chífeadh sé ná an baraille lán d'im agus bhí an buarach ar a bharra.- Bailitheoir
- Pádruig Paor
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dáltún
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge