Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Caoineadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag seo scéal i dtaobh bean bocht a bhí cráite ag a fear mar bhíodh sé i gcónaí ag maighistridheacht uirthi. Ní raibh cead aici uaidh aon ní do dhéanamh ach freastail air. Lá dá raibh sé ag obair ins an bpáirc do chuir sí ubh ar an tine chun é bheiriú di féin. Nuair tháinigh sé isteach agus nuair a chonaic sé an ubh aice ba d'obair gur leag sé an tig uirthi agus le neart na rachtaí feirge tháinigh air do phléasc ar an intinn aige agus do thit sé siar marbh ar an úrlár.
    Do ghlaoch sí ar na comharsain agus do chuireadh i gcóir a thórramh, i ndar ndóigh do chrom an bean bocht é caoine, ach ba mhó é a h-áthais ná a bróin. Ba seo mar a deireadh sí -
    "Buíochas le Dia agus le Muire
    Gheobhaidh mé suí feasta ag an tine
    Ubh mo chirce féin d'ithe
    Agus ní bhfuighfidh sé teacht im ghoire
    Nach minic a thóg sé mo thuise
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire de Bhál
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cuilleanáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge