Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rugadh Petticoat Loose i gCoilligeáin. Ó hAnnagan an ainm a bhí uirthi. Bhiodh sí ag rinnce agus oíche anháin thuit a cóta di agus sin é an cúis ar tugadh Petticoat Loose uirthi.
Bhí buachaill aimsire ag obair sa tigh aici agus dhein sí suas leis an mbuachall. Cuimhníodar ar seift chun an fear a bhí pósta leí do báthadh.
Lá amháin bhí tuillte san abhainn agus d'fhiafraigh an buachall ar fear an tighe dul síos go dtí an abhainn leis, mar go raibh bradán an-mhór ann. Chuaidh fear an tighe leis.
Bhí sprong ag an mbuachaill chun teacht ar an bradán, mar dheadh. Siúl fear an tighe ar bruach na habhainn, tháinigh an buachall taobh thiar de agus caith sé isteach san abhainn é leis an sprong. Do stad carraig a bhí san abhainn é is bhí sé ag béicigh ar a dhícheall. Bhí an buachaill ag iarraidh é do chur amach arís. Tháinigh fear eile leo agus caith sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brigid Ní Dúnúrthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Coille, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Máire Tóibín
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coilligeán Beag, Co. Phort Láirge