Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Liosanna.
Bean-an-Leasa.Bhí feirmeóir ann fadó, agus bhí lios ar a chuid talmhan. Páirc mhaith ba éadh Páirc an Leasa, agus is ann a geibheadh sé na ba gach aon mhaidean sa Samhradh. An mhaidhean so, chuaidh sé, fé dhéin na mbó agus ar a ghabháilt thar an lios do: d'airigh sé leanbh ag béiceadh. Ghlaoidh se ag Beárna an Leasa, agus chonnaic sé bean is leanbh ar a baclainn istig. D'fiafruigh sé dhi cad a bhí ar an leanbh "Ocras ata air, agus táim-se a radh leis go mbeidh a dhaothaint bainne ar an neómaint aige, núair a bheidh na ba crúidthe" ar sí sin, "Fágfad ceann desna ba agat ar fad, is geobhaidh tú i a crúd", arsan fear.
Gaibh sí buidheachas leis, is d'imthigh sé léis. Mar sin a bhí go ceann abhfad: d'fágadh sé an bó gan crúd. Chuaidh se fé dhéin na mbó maidean,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Éilís Ní Chadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge