Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear sa Chaisleán Nua Muiris Ó hIceadha a bhí air. Bhí sé ag teacht ó Cluain Meala oíche agus capall is trucaill aige gaibh sé thar bean ar an mbóthair agus stad sé an capall.
"An bhfuil tú ag dul i bnfad" ar seisean.
"Nílim ag dul ró-fhada" ar sí sin.
"Má sea féin suí isreach" ar seisean. Shuí agus ba gairid a chuadar nuair bhí an capall cortha air.
"Ní fheadar an domhain cad atá ar an gcapall, ní fhaca mé riamh é mar atá sé" ar seisean.
"Ó is beag an t-iongantas é sin" ar sin "agus an meádcant ionnam-sa ar sí sin agus mireach d'fheabhas féin d'fear bhí deire leath. Nuair raghaidh tú abhaile anois" ar sí sin "scuir an capall agus scaoil isteach sa stábla é beidh caillte ar maidin. Agus" ar sí sin "ná bí déanach ar an mbóthar seo arís nó is cuimhin leat".
Bhí an capall caillte sa stábla ar maidin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eilís Ní Chadhla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Cáit Breathnach
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge