Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Figheadóir a bhí ag teacht abhaile ó Ceapach Cuinn, agus cúpla ceirtlín snáith aige. (Petticoat Loose)”
Figeadóir a bhí ag teacht abhaile ó Ceapach Cuinn agus cúpla ceirtlín sráith aige. Bhí sé déanach san oíche ach go raibh sé geal agus bhí sé ag gabháilt casáin cóngar gairid do Mheilearaí. Bhí sé ag déanamh síos ar ghleann nuair a buail Petticoat Loose leis. Thug sí fé agus leag sí ceann des na ceirslíní as a láimh. buail sí cic ar an gceirtlín. Lean an fear an cheirtlín is thug sé iarracht eile thar n-ais di. Thaithnigh san léithe is buail sí arís í. Bhíodar ó buille go buille mar sin, is iad ag titim le fánaidh i gcónaí. 'Sé rud a bhí ón bhfear ná amus d'fhághailt ar dul thar an sruth. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an sruth shíl sí dul idir é is an t-uisce ach bhí sé ró-bríomhar is chuaidh sé dhe léim amach ar charraig a bhí i lár na h-abhann. Cuir sí scréach aisti is d'imigh sí ina caor lasrach, anáirde san aer. D'fhan an figeadóir 'na shuí ar an gcarraig go maidean.- Bailitheoir
- Eilís Ní Chadhla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Máiread Barún
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chuana, Co. Phort Láirge