Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Nóra Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh mé isteach in úll-gort lá. Chonaic mé úlla ar crann. Níor thógas úlla den crann agus níor fhágas úlla ar an gcrann. Conas é sin?
Tá trí úlla ar an gcrann agus thógas ceann acu.Tagann sé isteach comh dubh le h-oíche agus imíonn sé amach comh mín le sioda.
Gual - bíonn an deatach mar sioda.Bean óg uasal ag scuabadh caisleáin, gan craobh, gan cuaille, gan scathan.
An gaoth.Fear fada fionn na seasamh sa ghleannis gan dada na ceann ach deilgne is deamhain.
Feochadán.Fear fada dubh na sheasamh sa tsruith is gan focal na pluch ach 'lul, lul, lul'.
Fuaim an tsruthán.Dhá gé roimh gé agus gé i ndiaidh dá gé. Gé idir dhá gé. An mó gé é sin?
Trí géanna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eilís Ní Chadhla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Cailíní na Scoile
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Seoladh
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge