Scoil: Tuar an Fhíona, Cluain Meala
- Suíomh:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Gearóid Ó Coindealbháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig sé tar n-ais cun an tsagairt tré siubhal a gcos an lá ceadna. Do bhí an sagart ar buile leis agus d'fiafruig sé de'n seirbhíseach an capall dfághail go mear sa slighe go bfeudfadh sé dul go dtí an tigh agus ná beadh aoinne ann roimhe. Do dein an fear an comhghar tré na sléibhthe agus do bhí sé sa mbaile roimh an sagart.
Deirtear go raibh fear ann uiar amháin agus do leim se fiche troighte treasna poll mór doimhin, áit 'nár baineadh roinnt móna uair amháin. Mara léimfeadh sé é bádhfaí é.
B'é Seán Ó Guidhre an spealadóir dob'fearr a bhí riamh i gCúige Mumhan. Do bhí sé ina comhnuidhe i gCurra Dún. Uair amháin do bhí fear mór i gCo. Luimnighe agus do thomhais sé leath-acra talmhan. Do thug sé duais dó'n bfear a bfeadfadh í do bhaint níos mire ná aoinne eile. Do buaidh Seán gan aon triobloid ar bith.
Deirtear gurbh' é Padraig Ó Maolcatha an rinnceóir dob'fearr a bhí riamh i n-Éirinn. Ó Caisleán Slaodaighe a tháinig sé agus is minic a cur sé dubhslán fé dhaoine eile. Do buaidh sé ortha go léir. Do buaidh sé i gcoinne mairnéalach ó na h-Indiacha Thiar. Do b'é an cead duine a thug rinnce áirithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seumas Ó hAnnracáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge