Scoil: Leitir Fhada

Suíomh:
Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Fhada
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “An Pléiseam”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cuaidh sí abhaile agus d'innis sí an sgéal do Ruaidhrí . La ar na barach cuaidh sé fhad leis an ri agus chuir sé ceist sin caide bhí a dhioghbhail air. 'Bhal" arsa'n ri caithfidh tú caislean a thogailt damh . Och! arsa Ruadhri ní thiocfhadh liomsa caisléan a thogailt nó ní fhaca mé cean ariamh acht an cean in a bhfuil tu in do chomhnuidhe . Mur ndéan tú an caislean damh arsa'n righ cuirfidh mé 'un báis thu. "Bhal" arsa Ruaidhrí tabhair fáill damh leis na gleasaraí a fhaghail agus d'imthigh sé leis i gcruadhcas isteach i gcoill.
    Ins an choill casadh fear dó agus chuir sé ceist air cáidhe bhí ag cur buadhartha air. "Ta" arsa Ruaidhrí caithfidh mé cáisléan a thogailt agus mur ndeanaim sin cuirfear 'un báis mé . Níl sin cruaidh arsa'n fhear cuideochaidh mise leat. Seo ceithre bloc iarainn agus cuir ceist ar an ri cé'n áit ar mháith léis an caisléan a bhéith déanta . Cuir bloc ins an uile cóirnéal agus comh luath agus bhéas sin déanta agat béidh an caislean tógtha .
    D'imthigh Ruaidhrí leis agus rinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0571: “All Stick Together”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Giolla Easbuic
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Disert, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamus Mac Amhlaoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Saileasa, Co. Dhún na nGall