Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 335
- XML “An Pléiseam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ar h-iarradh air . Chuir sé bloc i ngac choirnéal agus comh luath agus bhí sin déanta aige bhí an cáisléan déanta . Cuaidh Ruaidhrí abhaile an oidche sin chuig Síle.
La ar na bharach cuaidh Síle fhad leis an rí arís agus d'innis sí thogáilt. Bhal arsa'n ri abair leis theacht annseo i mbarach nó caitfidh mé ceann a fhagail déanta . Cuaidh Síle abaile agus d'innis sí do Ruaidhrí go rabh gnóithe ag an rí leis "Bál" arra Ruaidhrí cáide tá a dhioghbhail air anois acht rachaidh mé chuige i mbarach go bhfeicidh mé.
Cuaidh Ruaidhrí fad leis an rí agus chuir sé ceist air caide bhí a dhith air anois "Bhal" arsa'n sí caithfidh tú muileann a deanamh damh . Och arsa Ruaidhrí ní fhaca mé ceann ariamh mí amhain ceann a dheanamh. Mur ndéanaidh arsa'n sí cuirfidh mise un báis thú . 'Thabhair fáill dham" arsa Ruaidhrí go bhfuigidh mé na gleasardhaí agus d'imthigh sé leis amhach na coilleach . Casadh an fear beag air ath - uair agus cuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Saileasa, Co. Dhún na nGall